search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: '   ní' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    ní:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas    ní:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 995

 

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhálacha arna dtairiscint d’fhaighteoirí na seirbhíse a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe ann, gan beann ar an áit a bhfuil áit bhunaíochta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha sin.

2.   ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhís ar bith nach seirbhís idirghabhálach í ná le haon cheanglais arna bhforchur i leith seirbhís den sórt sin, gan beann ar cibé an soláthraítear an tseirbhís trí sheirbhís idirghabhálach a úsáid.

3.   ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE.

4.   Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialáiltear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach nó lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear an Rialachán seo, go háirithe:

(a)

Treoir 2010/13/AE;

(b)

Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(c)

Rialachán (AE) 2021/784;

(d)

Rialachán (AE) 2019/1148;

(e)

Rialachán (AE) 2019/1150;

(f)

Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2019/1020 agus Treoracha 2001/95/CE agus 2013/11/AE;

(g)

Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE;

(h)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó aon ghníomh dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha;

(i)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, go háirithe Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla;

(j)

Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

Airteagal 4

‘Cainéal fórach’

1.   I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas i leith na faisnéise a tharchuirtear, nó a fhaightear rochtain uirthi, ar choinníoll:

(a)

nach dtionscnaíonn an soláthraí an tarchur;

(b)

nach roghnaíonn an soláthraí faighteoir an tarchuir; agus

(c)

nach roghnaíonn ná nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis atá sa tarchur.

2.   Áireofar leis na gníomhartha tarchuir agus soláthair rochtana dá dtagraítear i mír 1 stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus neamhbhuan na faisnéise arna tarchur a mhéid a tharlaíonn sé seo chun críche aonair an tarchur a dhéanamh sa líonra cumarsáide, agus ar choinníoll nach stóráiltear an fhaisnéis ar feadh aon tréimhse nach faide ná mar is gá go réasúnach don tarchur.

3.   ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 5

‘Taisceadh’

1.   I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus sealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla nó níos sláine, ar choinníoll go ndeánann an soláthraí an méid seo a leanas:

(a)

nach modhnaíonn sé an fhaisnéis;

(b)

go gcloíonn sé le coinníollacha maidir le rochtain na faisnéise;

(c)

go gcloíonn sé leis na rialacha maidir le nuashonrú na faisnéise, a shonraítear ar bhealach a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal;

(d)

nach gcuireann sé isteach ar úsáid dhleathach na teicneolaíochta, a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal, chun sonraí a fháil maidir le húsáid na faisnéise; agus

(e)

go ngníomhaíonn sé go pras chun an fhaisnéis atá stóráilte aige a bhaint nó a dhíchumasú tráth a fhaigheann sé eolas iarbhír gur baineadh an fhaisnéis ag foinse tosaigh an tarchuir den líonra, nó gur díchumasaíodh rochtain ar an bhfaisnéis sin, nó gur ordaigh údarás breithiúnach nó riaracháin an bhaint nó an díchumasú sin.

2.   ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 6

Óstáil

1.   I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas as an bhfaisnéis a stóráiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil eolas iarbhír ag an soláthraí ar ghníomhaíocht neamhdhleathach nó inneachar neamhdhleathach agus, a mhéid a bhaineann le héilimh ar dhamáistí, nach bhfuil sé ar an eolas faoi fhíorais nó cúinsí ónar léir an ghníomhaíocht neamhdhleathach nó an t-inneachar neamhdhleathach; nó

(b)

nuair a fhaigheann an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht sin, go bhfeidhmíonn sé go tapa chun rochtain ar an inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú.

2.   ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag feidhmiú faoi údarás nó smacht an tsoláthraí.

3.   ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin an mhír shonrach faisnéise i láthair nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios do ghnáth-thomhaltóir go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht.

4.   ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 13

Ionadaithe dlíthiúla

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha chun gníomhú ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí.

2.   Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí chun go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon le soláthraí den sórt sin nó in ionad soláthraí den sórt sin maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil acu le húdaráis inniúla na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfaidh siad cinntí den sórt sin.

3.   Beidh ionadaí dlí ainmnithe in ann a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha.

4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, go mbeidh rochtain éasca uirthi, go mbeidh sí cruinn agus go gcoinneofar cothrom le dáta í.

5.   ní bheidh ainmniúchán ionadaí dlí laistigh den Aontas de bhun mhír 1 ionann le bunaíocht san Aontas.

Airteagal 15

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascálacha soiléire, intuigthe ar fáil go poiblí a bheidh inléite ag meaisín, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad maidir le haon mhodhnóireacht inneachair a raibh siad ag gabháil dó le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon orduithe a fhaightear ó údaráis na mBallstát, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an Ballstát a eisíonn an t-ordú, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú, nó aon údarás eile arna shonrú san ordú, a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus chun éifeacht a thabhairt don ordú;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhísí óstála, an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh líomhainte lena mbaineann, an líon fógraí a thíolaic na comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, an líon fógraí a phróiseáiltear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh;

(c)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, faisnéis fhóinteach shothuigthe faoin modhnóireacht inneachair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, na bearta a glacadh chun oiliúint agus cúnamh a sholáthar do dhaoine atá i gceannas ar mhodhnóireacht inneachair, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, tríd an tseirbhís, agus srianta gaolmhara eile ar an tseirbhís; déanfar an fhaisnéis a thuairisceofar a aicmiú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh nó de réir shárú théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí seirbhíse, de réir an mhodha braite agus de réir chineál an tsrianta a chuirfear i bhfeidhm;

(d)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon gearán arna bhfáil trí na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí agus ina theannta sin, i gcás soláthraithe ardán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 20, an bonn atá leis na gearáin sin, cinntí arna ndéanamh maidir leis na gearáin sin, an t-am airmheánach is gá chun na cinntí sin a dhéanamh agus líon na gcásanna ina ndearnadh na cinntí sin a fhreaschur;

(e)

aon úsáid a baineadh as modh uathoibrithe chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear tuairisc cháilíochtúil, sonraíocht maidir le cuspóirí beachta, táscairí cruinnis agus ráta féideartha earráide an mhodha uathoibrithe arna úsáid chun na críocha sin a chomhlíonadh, agus aon choimircí a cuireadh i bhfeidhm.

2.   ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

ROINN 2

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

Airteagal 17

Ráiteas ar chúiseanna

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála ráiteas soiléir sonrach ar chúiseanna ar fáil d’aon fhaighteoir de chuid na seirbhíse dá ndéantar difear le haghaidh aon cheann de na srianta seo a leanas arna bhforchur ar an bhforas gur ábhar mídhleathach í an fhaisnéis arna cur ar fáil ag faighteoir na seirbhíse nó go bhfuil sé neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha:

(a)

aon srianta ar infheictheacht míreanna sonracha faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear inneachar a bhaint anuas, rochtain ar inneachar a dhíchumasú, nó ísliú céime a thabhairt d’inneachar;

(b)

íocaíochtaí airgeadaíochta a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile;

(c)

soláthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ar an iomlán nó i bpáirt;

(d)

cuntas fhaighteoir na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

2.   ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás gurb eol don soláthraí na sonraí teagmhála leictreonacha ábhartha. Beidh feidhm aige ón dáta a fhorchuirfear an srian, is cuma cén fáth nó cén chaoi ar forchuireadh é.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inarb inneachar tráchtála, ardéilimh, meabhlach atá san fhaisnéis.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear i mír 1:

(a)

faisnéis maidir le cibé acu an mbaineann an cinneadh leis an bhfaisnéis a bhaint nó, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú, ísliú céime a thabhairt don fhaisnéis, nó an léargas ar an bhfaisnéis a shrianadh íocaíochtaí airgid a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh a bhaineann leis an bhfaisnéis sin nó bearta eile dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur i leith na faisnéise, agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach an chinnidh agus an fad a bhaineann leis;

(b)

na fíorais agus na cúinsí a mbraitear orthu agus an cinneadh á dhéanamh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cibé an ndearnadh an cinneadh de bhun fógra arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 nó ar bunaíodh í ar imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus, i gcás inar fíorghá sin, céannacht an fhógróra;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húsáid modhanna uathoibrithe chun an cinneadh a ghlacadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cibé ar glacadh leis an gcinneadh i leith inneachar a braitheadh nó a sainaithníodh le modhanna uathoibrithe;

(d)

i gcás ina mbaineann an cinneadh le hinneachar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina hinneachar neamhdhleathach ar an bhforas sin;

(e)

i gcás ina bhfuil an cinneadh bunaithe ar neamhoiriúnacht líomhnaithe na faisnéise le téarmaí agus coinníollacha sholáthraí na seirbhísí óstála, tagairt don fhoras conarthach ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ar neamhréir leis an bhforas sin;

(f)

faisnéis shoiléir sholáimhsithe maidir leis na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ar fáil d’fhaighteoir na seirbhíse i leith an chinnidh, go háirithe, i gcás inarb ábhartha trí na sásraí inmheánacha um láimhseáil gearán, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásamh breithiúnach.

4.   Beidh an fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí óstála i gcomhréir leis an Airteagal seo soiléir agus intuigthe agus chomh beacht agus chomh sonrach agus is féidir go réasúnach sna himthosca reatha. Beidh an fhaisnéis amhlaidh, go háirithe, ionas go gceadóidh sí go réasúnach d’fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann na féidearthachtaí maidir le sásamh dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), a fheidhmiú go héifeachtach.

5.   ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon orduithe dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 19

Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga

1.   ní bheidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite d’Airteagal 24(3) de, maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite d’Airteagal 24(3) de, maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháiligh roimhe sin don stádas mar mhicrifhiontar nó mar fhiontar beag mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE le linn an 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de, ach amháin nuair is ardáin an-mhór ar líne iad i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a ainmníodh mar ardáin an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33, gan beann ar cibé acu a cháilíonn siad nó ngach gcáilíonn siad mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga.

Airteagal 25

Dearadh agus eagrú comhéadan ar líne

1.   ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne a gcomhéadain ar líne a dhearadh, a eagrú ná a oibriú ar bhealach trína ndéanfaí cumas fhaighteoirí a seirbhíse a mheabhlú nó a ionramháil, nó ar bhealach eile trína ndéanfaí cumas úsáideoirí deiridh a shaobhadh nó a lagú cinntí atá saor agus feasach a dhéanamh.

2.   ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le cleachtais a chumhdaítear le Treoir 2005/29/CE nó le Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir le cleachtais shonracha, go háirithe:

(a)

tosaíocht níos mó a thabhairt do roghanna áirithe agus cinneadh á iarraidh ar fhaighteoir na seirbhíse;

(b)

iarraidh a dhéanamh arís agus arís eile go ndéanfaidh faighteoir na seirbhíse rogha i gcás ina ndearnadh an rogha sin cheana, go háirithe trí fhuinneog aníos a chuireann isteach ar an taithí úsáideora;

(c)

an nós imeachta chun seirbhís a fhoirceannadh a dhéanamh níos deacra ná liostáil dó.

Airteagal 26

Fógraíocht ar ardáin ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a chuireann fógráin i láthair ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir, le haghaidh gach fógrán sonrach a chuirtear i láthair gach faighteora aonair, le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, ar bhealach soiléir, suntasach gan débhrí agus i bhfíor-am:

(a)

gur fógrán atá san fhaisnéis, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha. Féadfar na marcálacha sin caighdeán de bhun Airteagal 44 a leanúint;

(b)

an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil an fógra á chur i láthair thar a cheann;

(c)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógra, más éagsúil an duine sin leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

faisnéis bhríoch a bhfuil rochtain dhíreach éasca uirthi ón bhfógrá faoi na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun an faighteoir a gcuirfear an fógrán ina láthair a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, faoi conas na paraiméadair sin a athrú.

2.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne feidhmiúlacht ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse chun a dhearbhú an cumarsáid tráchtála é an t-inneachar a chuireann siad ar fáil nó an bhfuil cumarsáid tráchtála.

Nuair a chuireann faighteoir na seirbhíse dearbhú isteach de bhun na míre seo, áiritheoidh soláthraí an ardáin ar líne gur féidir le faighteoirí eile na seirbhíse a shainaithint ar bhealach soiléir gan débhrí agus i bhfíor-am, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha, a d’fhéadfadh caighdeáin de bhun Airteagal 44 a leanúint, gur cumarsáid tráchtála atá san inneachar a chuireann faighteoir na seirbhíse ar fáil nó go bhfuil cumarsáid tráchtála ann mar a thuairiscítear sa dearbhú sin

3.   ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair fhaighteoirí na seirbhíse atá bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid catagóirí speisialta shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 28

Mionaoisigh a chosaint ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu bearta iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach a áirithiú, ar a seirbhís.

2.   ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair ar a gcomhéadan bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid sonraí pearsanta fhaighteoir na seirbhíse nuair is eol dóibh le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

3.   ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán ar líne sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheas an mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne le cur i bhfeidhm mhír 1.

ROINN 4

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

Airteagal 29

Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga

1.   ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a cháiligh roimhe sin don stádas mar mhicrifhiontar nó mar fhiontar beag mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE le linn an 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de, ach amháin nuair is ardáin an-mhór ar líne iad i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a ainmníodh mar ardáin an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33, gan beann ar cibé acu a cháilíonn siad nó ngach gcáilíonn siad mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga.

Airteagal 40

Rochtain ar shonraí agus grinnscrúdú

1.   Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, ar sonraí iad atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.   ní úsáidfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ná an Coimisiún na sonraí ar a bhfaighfear rochtain de bhun mhír 1 ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad aird chuí ar chearta agus leasanna soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar line agus faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint, faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, dearadh, loighic agus feidhmiú agus tástáil a gcóras algartamach a mhíniú, lena n-áirítear a gcórais moltaí.

4.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 8 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le brath, sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha san Aontas, mar a leagtar amach de bhun Airteagal 34(1), agus leis an measúnú ar leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus tionchair na mbeart maolaithe riosca de bhun Airteagal 35.

5.   Laistigh de 15 lá tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an iarraidh a leasú, i gcás ina measann siad nach féidir leo rochtain ar na sonraí a chur ar fáil mar gheall ar cheann amháin den dá chúis seo a leanas:

(a)

níl rochtain acu ar na sonraí;

(b)

bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a seirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin.

6.   ní mór go mbeadh moltaí le haghaidh modh malartach amháin nó níos mó trínar féidir rochtain ar na sonraí a iarradh nó ar shonraí eile atá iomchuí agus leordhóthanach chun críoch na hiarrata sna hiarrataí ar leasú de bhun mhír 2a.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cinneadh faoin iarraidh ar leasú laistigh de 15 lá agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line agus, i gcás inarb ábhartha, an iarraidh leasaithe agus an tréimhse nua chun an iarraidh a chomhlíonadh.

7.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 4 a éascú agus a sholáthar trí chomhéadain iomchuí a shonraítear san iarraidh, lena n-áirítear bunachair sonraí ar líne nó comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.

8.   Ar iarratas cuí-réasúnaithe a fháil ó thaighdeoirí, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta stádas taighdeoirí grinnfhiosraithe a dheonú ar thaighdeoirí den sórt sin le haghaidh an taighde shonraigh dá dtagraítear san iarratas agus iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí do sholáthraí ardáin an-mhór ar line nó do sholáthraí innill cuardaigh an-mhór ar line a eisiúint de bhun mhír 4, i gcás ina léiríonn na taighdeoirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

go bhfuil siad cleamhnaithe le heagraíocht taighde mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/790;

(b)

go bhfuil siad neamhspleách ar leasanna tráchtála;

(c)

go nochtar cistiú an taighde ina n-iarratas;

(d)

go bhfuil sé d’acmhainneacht acu na ceanglais shonracha maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a chosaint, agus go ndéanann siad cur síos ina n-iarraidh ar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla atá curtha i bhfeidhm acu chuige sin;

(e)

go léiríonn a n-iarratas go bhfuil gá lena rochtain ar na sonraí agus na tréimhsí ama arna n-iarraidh le haghaidh chuspóirí a dtaighde, agus go bhfuil siad comhréireach leo, agus go gcuirfidh na torthaí a bhfuiltear ag súil leo leis na cuspóirí a leagtar síos i mír 4;

(f)

go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde atá beartaithe chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2;

(g)

gur gheall siad a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí saor in aisce, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis thabhairt i gcrích an taighde, faoi réir leasanna fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Tar éis dóibh an t-iarratas de bhun na míre seo a fháil, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Bord ar an eolas.

9.   Féadfaidh taighdeoirí a n-iarratas a chur faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha Bhallstát na heagraíochta taighde a bhfuil siad cleamhnaithe léi freisin. Ar fháil an iarratais de bhun na míre seo dó, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú tosaigh ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na taighdeoirí faoi seach na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha lena faoi seach an t-iarratas, in éineacht leis na doiciméid tacaíochta arna gcur isteach ag na taighdeoirí faoi seach agus an measúnú tosaigh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bhunaíochta cinneadh maidir le stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir gan moill mhíchuí.

Agus aird chuí á tabhairt ar an measúnú tosaigh a cuireadh ar fáil, is faoi inniúlacht an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta atá an cinneadh deiridh stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir, de bhun mhír 8.

10.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe agus a d’eisigh an iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line i bhfabhar taighdeoir grinnfhiosraithe cinneadh a eisiúint lena bhfoirceannfar an rochtain má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéis a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an taighdeoir grinnfhiosraithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 8 a thuilleadh, agus cuirfidh sé soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh. Sula bhfoirceannfar an rochtain, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha cead don taighdeoir grinnfhiosraithe freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún an rochtain a fhoirceannadh.

11.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha nó na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” orthu, i gcomhréir le mír 8, a chur in iúl don Bhord, chomh maith le cuspóir an taighde a ndearnadh an t-iarratas ina leith nó, i gcás go bhfuil rochtain ar na sonraí foirceanta acu i gcomhréir le mír 10, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Bhord.

12.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain gan moill mhíchuí ar shonraí, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin go teicniúil, sonraí fíor-ama, ar choinníoll go bhfuil na sonraí inrochtana go poiblí ina gcomhéadan ar líne do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 8, pointí (b), (c), (d) agus (e), agus a úsáideann na sonraí go heisiach chun taighde a dhéanamh a chuireann le rioscaí sistéamacha san Aontas a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint de bhun Airteagal 34(1).

13.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na coinníollacha teicniúla a leagan síos faoina bhfuil ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sonraí a roinnt de bhun mhíreanna 1 agus 4 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a roinnt le taighdeoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, mar aon le táscairí cuspóireacha ábhartha agus, i gcás inar gá, sásraí comhairleacha neamhspleácha, ag cur cearta agus leasa na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

Airteagal 79

An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad

1.   Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagail 73(1), 74 nó 76, tabharfaidh an Coimisiún an deis do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó don duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a bhfuil agóid déanta ag an gCoimisiún ina aghaidh; agus

(b)

bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh i bhfianaise na réamhthorthaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Féadfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) a mbarúlacha ar réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún ina réamhthorthaí, tréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.

3.   ní bhunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ach ar na hagóidí a raibh na páirtithe lena mbaineann in ann barúil a thabhairt ina leith.

4.   Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin faoi na téarmaí a bhaineann le nochtadh idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó duine eile lena mbaineann maidir lena rúin ghnó a chosaint. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún cinntí a ghlacadh ina leagfar amach téarmaí sin an nochta i gcás easaontas idir na páirtithe. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin, an Bhoird, na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát. Go háirithe, ní chuirfear san áireamh sa cheart rochtana an comhfhreagras idir an Coimisiún agus na húdaráis sin. Ní chuirfear bac le haon ní sa mhír seo ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.

5.   ní úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagail 67, 68 agus 69 ach chun críocha an Rialacháin seo amháin.

Airteagal 87

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann 5 bliana ón 16 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas









keyboard_arrow_down